NA BRIATHRAN FALAICHTE |
NA BRIATHRA FOLAITHE | |
| ||
|
| ||
O Mhic Mo Bhancharaid! Nam faiceadh tu uachdranachd shìorruidh dh'fheuchadh tu ris an t-saoghal neo-mhaireannach seo fhàgail. Ach a dhol a cheil aon uat agus a thaisbenadh am fear eile, 'se duatharachd sin nach tuig duine ach eadhon na tha glan 'nan cridhe. |
A Mhic Mo Bhansearbhónta! Dá bhféachfá ar an bhflaitheas bithbheo bheifeá ar do dhícheall le héalú ón saol neamhbhuan seo. Ach is mistéir é nach bhféadfadh aon duine a thuiscint ach an té a bhfuil croí glan aige gur cheil sinn an chéim sin ort agus gur nocht an chéim seo eile. | |
42 | ||
O Mo Sheirbhisich! Glan do chridhe bho ghamhias agus, saor o fharmaid, inntrinn cùirt naomh na diadhachd. |
A Sheirbhíseach! Folmhaigh do chroí ó mhioscais agus, glan ó éad, téigh isteach i gcúirt dhiaga na naofachta! | |
43 | ||
O Mo Chàirdean! Coisichibh ann an slighean deagh shòlais a' Charaid agus bidh fhios agad gu bheil a shòlas-san ann an sòlas a chreutairean. Is e sin; cha bu chòir do dhuine dhol a steach a thaigh a charaid ach mar a b'àill le charaid fhèin e, gun làmh a chur air ionmhas nan gun cuireadh e thoil fhèin roimh thoil a charaid is ann an doigh sam bith lamh an uachdair fhaighinn air. Comasaich seo ach am faigh thu fiosrachadh. |
A Chairde! Siúlaigí i slite dhea-thoil an Charad agus bíodh fhios agaibh gurb é is toil leis an ní atá ag teacht le toil a chuid créatúr. Is é sin: ná téadh duine ar bith isteach i dteach a charad ach le toil a charad, ná leagadh sé lámh ar a chuid maoine, ná déanadh sé rogha dá thoil féin thar thoil a charad ná ná déanadh sé iarracht suí ina bhun ar dhóigh ar bith. Déanaigí machnamh air sin, a lucht na tuisceana! | |
44 | ||
O Chompanaich Mo Righ-Chathrach! Na faic oic 's na labhair olc; na 'islich thu fhèin is na osnaich is na gul. Na labhair olc chum is nach cluinn thu e air a labhairt riut agus na meudaich easbhuidhean chàich a chum is nach bi t'easbhuidhean fhèin a' coimhead cho mór; is na miannaich ìsleachadh neach sam bith mus foilisichear t'isleachadh fhèin. Mar sin caith do làithean, a tha nas giorra na mionaid aithghearr le inntinn fìor-ghlan, do chridhe gun ghò, do smuaintean ionraic agus do chré air a naomhachadh, a chum is, saor agus sona, gun faod thu an corp bàsmhoir a thilgeil uat is gun dean thu air an fhlaitheas dìomhair agus gun còmhnuich thu anns an rioghachd shiorruidh a chaoidh gu bràth. |
A Chomrádaí mo Ríchathaoireach! Ná héist leis an olc, agus ná féach ar an olc, ná hísligh tú féin, ná hosnaigh agus ná caoi! Ná labhair an t-olc chun nach gcluinfidh tú á labhairt leatsa é, agus ná déan áibhéil ar lochtanna cách le nach bhféachfaidh do lochtanna féin a bheith mór; agus ná hiarr ísliú aonduine chun nach nochtfar d’ísliú féin. Caith, dá bhrí sin, do shaol agus do laethe ar lú iad ná móimint neamhbhuan gan smál ar d’intinn. | |
45 | ||
O Chóin, Ochóin, Luchd-Gaoil Air Anamiannan An t-Saoghal. Eadhon mar luaths an dealanaich ghabh sibh seachad air an fhir-gaoil, is shuidhich sibh ar cridheachan air miannan diabhlaidh. Tha sibh a' lùbadh na glùine air beulaibh ar beachdan dìomhuin, is ag eughachd firinn orra. Tha sibh a' tionndadh ar sùilean chun an dris is ag eughachd sìthean air. Cha do tharruing sibh anail ghlan is cha tainig uspag sgaraidh bho lòintean ar cridheachan. Leig sibh leis a' ghaoith comhairlean blàtha an fhir-ghaoil is sgùr sibh gu tur iad bho chlàr ar cridheachan agus, eadhon mar anmhuidh na buaile, tha sibh beò is a' gluasad air machraichean ana-mianna agus toilinntinn. |
Faraor Géar! A Lucht Tóraíochta na Hainmhéine SAOLTA! Ar luas splanc tintrí d’imigh sibh thar an Leannán agus tá bhur gcroí leagtha ar mhianta diabhlaí. Feacann sibh glúin do bhur samhlacha baotha agus glaonn an fhírinne orthu. Dearcann sibh ar an spíon agus tugann bláth air. Oiread is anáil ghlan amháin níor tharraing sibh ná níor séideadh feothan an scartha ó léanta bhur gcroí. Scaip sibh chun na ngaoth comhairlí grámhara an Leannáin atá scriosta agaibh go huile agus go hiomlán ó tháibléad bhur gcroí agus, mar a bheadh beithígh an mhachaire ann, gluaiseann sibh agus caitheann sibh bhur saol taobh istigh de thalamh féaraigh na sainte agus na hainmhéine. | |
46 | ||
O Bhàrithrean Air An t-Stighe! Carson a dhearmad sibh luaidh air ainm an fhirghaoil is a chum sibh cian bho làthaireachd naomh? Tha brìgh an àilleachd anns a' phàilliuin gun choimeas air a shuidheachadh air rìgh-chathair na glòire, am feadh 'sa tha sibhse dion ri strì dhiomhuin. Tha boltradh chùbhraidh na naomhachd a' séideadh is tha anail na lànachd air aiseig thugaibh, ach tha sibh uile air ar bruthadh gu goirt is cha bheannaich sibh iad. Ochòin dhuibhse agus dhoibhsan tha coiseachd 'nar slighean agus a leantuinn ar cascgeuman! |
A BHRáITHRE SA TSLí! Cad chiuge an ndearna sibh faillí in ainm an leannáin a lua agus ar sheachain sibh a thearmeann beannaithe? Tá bunús na háilleachta taobh istigh den phailliún éagsamhalta ina shúi ar ríthchathaoir na glóire fhad agus atá sibhse ag gabháil d’achrainn gan chéill. Tá boladh cumhra na naofachta á leathnú amach agus leoithne ne féile á séideadh ach is é rud atá sibhse cráite go géar agus na nithe sin caillte agaibh. Faraor daoibhse agus don dream a leanann de bhur slí! | |
47 | ||
O Chlann Na h-Ana-mianna! Cuir bhuat trusgan na fèin-ghiòire agus cuir dhiot còmhdach an uaibhreachais. |
A Chlann Na Hainmhéine! Cuirigí uaibh éide na glóire baoithe, agus bainigí díbh feisteas an uabhair! | |
|
|
| |
48 | ||
O Bhràithrean! Bitheabh caomh ri aon a chéile is na leagaibh ar rùintean air nithean talmhaidh. Na deanamh uaill as ur glòir is na biodh nàire oirbh roimh ìsleachadh. Air m'àilleachd! Chruthaich mi na h-uile a duslach is gu duslach tillidh iad. |
A Bhráithre! Bígí fadfhulangach lena chéile agus ná suígí bhur gcroí ar na nithe thíos. Ná bígí mórtasach as bhur nglóir, ná ná bíodh náire oraibh as an uirísleacht! Dar mo scéimh! Tá gach rud dá bhfuil ann cruthaithe agam as an gcré, agus is don chré a thabharfaidh mé ar ais iad. | |
| ||
49 | ||
O Chlann an duslaich! lnnis do na beartaich mu osnaich meadhon-oidhche nam bochd mus toir dearmad iad gu slighe an léirsgrios is gun caill iad Craobh an t-saoibhreis. 'S iad toirt seachad agus a bhith fialaidh dhà de na feartan agamsa; is buidhe dhàsan a sgeadaicheas e fhein le mo shubhailcean-sa. |
A Chlann Na Luaithe! Insígí do lucht an airgid osnaíl na mbocht i lár na hoíche, ar eagla go seoltar iad siúd isteach i gcosán an bhasctha agus go mbainfear Crann an tSaibhris díobh. Is de mo chomharthaí bronnadh agus bheith flaithiúil: is méanar don té a mhaisíonn é féin le mo bhuanna. | |
50 | ||
O Sàr-Bhrigh A' Bhoile-Inntinn! Cuir bhuat sannt agus sir sonas: oir bha na sanntaich a riamh air am bacadh agus na fir sona air an gràdhachadh agus am moladh. |
A Chroí Na Hainmhéine! Leag thart gach uile shaint agus déan an tsástacht a lorg; óir baintear i gcónaí den duine santach agus tugtar grá agus moladh i gcónaí don duine sásta. | |
51 | ||
O Mhic Mo Bhanoglaich! Na bi buairte ann an ainnis no earbsach ann am beartas ainnis agus ainnis beartas. An dèidh sin chan eil ann a bhith bochd ann an nithean, ach Dia a mhàin, ach tiodhiac iongantach; na cuir a luach an neoshuim òir aig a cheann mu dheireadh ni e thu beairteach ann an Di@ agus, mar sin, tuigidh tu ciall nam briathran, "Gu fìrinneach is sibh na bochd agus na facail diadhaidh, is le Dia na h-uile" brisidh iad gu boilisgeach mar fìor mhaduinn air fàire cridhe an fhir-ghaoil agus fuiridh iad gu sàbhailte air rìghchathair a' bheartais. |
A Mhic Mo Bhansearbhónta! Ní bí buartha faoi anás ná teann as saibhreas mar leanann an saibhreas an t-anás agus leanann an t-anás an saibhreas. Ach is tíolacadh éachtach é bheith bocht insan uile ní ach Dia. Ná taraisnigh é mar déanfaidh sé saibhir i nDia tú i ndeireadh na dála agus is uaidh sin a thuigfidh tú brí na cainte, Go deimhin is sibhse na boicht’, agus beidh na briaithra beannaithe: ‘Is é Dia an tUile-Shealbhach’, mar a bheadh an mhaidin fhíor ann, ag gealadh go glórmhar faoi bhun spéire chroí an fhir ghrá, agus suífidh siad go daingean ar ríchathaoir an ollmhaithis. | |
52 | ||
O Clann A' Mhi-Shuim Agus A' Bhoil-Inntinn! Leig sibh do mo nàmhaid a thighinn a steach do m' thaigh agus thilg sibh a mach mo charaid oir thaisq sibh grbdh do neach eile ach mise'nar cridheachan. Èisd ri briathran a' charaid is tionndaidh chum a fhiairteanais. Tha caraidean saoghalta, a chum a mathas fhéin, mas fior gràdhach air càch a chéile ach ghràdhaich an fhìor charaid sibh agus tha e 'gar gràdhachadh air ar sgàth fhein: gu dearbh, dh'fhuiling e iomadh àmghair air losd ar treòireachadh. Na bi neo-dhìleas do charaid de'n t-seòrsa-sa; 'na àite dean cabhag thuige. Sin reul-latha facal an fhìrinn agus dìlseachd a dh'èirich os cionn fàire peann Thighearna nan uile-ainm. Fosgail do chiuasan ach an èisd thu ri facal Dhè, do chùmhnuidh an gàbhadh am fèin-bhith. |
A Chlann Na Faillí agus Na Hainmhéine! Cheadaigh sibh do mo namhaid teacht isteach i mo theach agus tá mo chara díbeartha agaibh mar chumhdaigh sibh grá ar neach eile seachas mé i bhur gcroí. éistígí le cainteanna an Charad agus tiontaígí i dtreo a pharthais. Tá an chuma ar chairde saolta, agus iad ar mhaithe leo féin, go bhfuil grá acu dá chéile ach b’ar mhaithe libh féin a bhí grá ag an gCara fíor daoibh riamh, mar atá i gcónaí. Go deimhin féin, d’fhulaing sé léanta do-áirimh le go ndeanfadh sé sibh a threóru. Ná bígí mídhílis dá leithéid de Chara, ní hea ach deifrígí chuige. Dá mhacasamhail atá grian bhriathar na fírinne agus na dílseachta atá i ndiaidh gealadh os ceann bun spéire pheann Thiarna an Uile Ainm. Osclaígí bhur súile le go n-éistfidh sibh le briathar Dé, an Cúntóir i mbaol, an Féin-mharthanach. | |
53 | ||
O Sibhse Tha Deanamh Uaill A Beairteas Shaoghalta! Biodh fhios agaibh gu fìrinneach gur e cnap-starraidh mòr a th'ann am beairteas eadar am fear tha sireadh agus a mhiann, eadar am fear-gaoil agus a leannan. Cha ruig na beairtich, ach beagan dhiubh a mhàin, an dòigh sam bith air cùirt a làthaireachd is chan intrinn iad baile an t-sòlais agus a' ghèiflidh. Is buidhe dhàsan mar sin a tha beairteach ach nach eil a bheairteas 'ga bhacadh bho'n rìoghachd shìorruidh, is nach 'eil a' call ri an linn an t-ùghdarras neobhàsmhor. Air an ainm as àirde. Soillsichidh lainnir duine beairteach de'n t-seòrsa seo luchd-còmhnuidh nan nèamhan eadhon mar a shoilisicheas a' ghrian luchd-àiteachaidh na taimhainn. |
A Dhaoine a Dhéanann Mórtas as Saibhreas DUTHAIN! Bíodh fhios agaibh go deimhin gur constaic ollmhór é an saibhreas idir an cuardaitheoir agus a mhian, idir an fear grá agus a ionúin. Lucht an rachmais, ach amháin dream beag, ní shroichfidh siad cúirt a láthrach in aon chor ná ní rachaidh siad isteach i gcathair na sástachta agus na géilliúlachta. Is méanar, mar sin, don té, cé gur saibhir é, nach gcuirfidh a shaibhreas a bhac air dul isteach sa ríocht shíoraí, ná nach mbainfidh tiarnas dochaite de. Dar an Ainm Ró-Mhór! soilseoidh niamhracht a leithéid de dhuine saibhir lucht áitribh neimhe faoi mar a thugann an ghrian solas do chiníocha an domhain. | |
54 | ||
O Sibhse Tha Beairteach Air Thalaimh! Tha na bochdan 'nar measg an urra riumsa; dìonadh sibhse mo chùram agus na biodh ar n-aire mhàin air ar comhfhurtachd fhein. |
A Dhaoine Saibhre an Domhain! Is é mo chúram na boicht i bhur measc; cosnaígí mo chúram, agus ná bígí leagtha ar bhur suaimhneas féin amháin. | |
55 | ||
O Mhic A' Bhoil-Inntinn! Glan thu fhèin bho truaillidheachd a' bheairtis agus ann an sith choimhlionta inntrinn rìoghachd na bochdainn; a chum is a fuaran an dealachaidh gun òl thu Iìon na beatha shìorruidh. |
A Mhic na Dúile Mire! Glan tú féin ó thuailluí an tsaibhris agus téigh chun tosaigh faoi shíocháin iomlán isteach i ríocht an bhochtanais le go n-ólfaidh tú deoch d’fhíon na beatha síoraí as tobar an scartha. | |
56 | ||
O A Mhic! Tha cuideachd nan aindiadhaidh a' meudachadh dòruinn am feadh is a tha cuideachd nam firean á glanadh a' mheirg bho'n chridhe. Esan tha sireadh comunn Dhè lorgadh e cuideachd A luchd-gaoil agus esan tha ag iarraidh èisdeachd ri focal Dhè, èisdeadh e ri briathran A dhaoine taghte. |
A Mhic Liom! Méadaíonn comhluadar an mhíchráifigh ar an mbrón ach is amhlaidh a ghlanann cuideachta na bhfíréan an mheirg den chroí. An té ar mian leis cumann a dhéanamh le Dia tugadh sé cuideachta lucht a pháirte air féin agus éisteadh sé le briathra a mhuintire tofa. | |
57 | ||
O Mhic An Duslaich! Thoir an aire! Na coisich leis an aindiadhar is na sir a chuideachd oir tionndaidhidh cuideachd de'n t-seòrsa seo dealradh á chridhe gu teine ifrinneach. |
A Mhic na Luaithe! Seachain! ná siúil leis na míchráifigh ná ná hiarr compánachas a dhéanamh leo, óir athraíonn an cineál sin compánachais loinnir an chroí go tine ifreanda. | |
58 | ||
O Mhic Mo Bhanoglaich! Ma tha thu sireadh gras an spioraid naoimh glac cochomunn an fhìrein oir dh'òl esan cupan na beatha shìorruidh a làmhan a' ghille-cupain neobhàsmhoir eadhon mar a ghiuaiseas is a shoilisicheas an fhìor mhaduinn cridheachan nam marbh. |
A Mhic mo Bhansearbhónta! An bhfuil tú ag iarraidh grásta an Spioraid Naoimh a bheith agat? Déan cuideachta leis an bhfíréan mar tá sé seo i ndiaidh ól as cupán na beatha síoraí ó lámha an Dáilimh neamhbhásmhair agus, mar a bheadh an mhaidin fhíor ann, tugann beocht do chroíthe na marbh agus soilsíonn orthu. | |
59 | ||
O Luchd An Neo-Shuim! Na bi a' smaoineachadh gu bheil nithean dìomhair a' chridhe falaichte ach biodh fios cinnteach agad gu bheil iad snaidhte ann an litrichean soilleir agus so-fhaicsinneach 'na làthaireachd naomh. |
A Dhaoine Gan Aird! Ná bígí á cheapadh gur i bhfolach a bhíonn rúin an chroí, ní hea, ach bíodh fhios agaibh go deimhin gur i litreacha soiléire atá siad greanta agus nochta go follas sa láthair naofa. | |
60 | ||
O Chairdean! Gu deimhinnte tha mi 'g ràdh, chan eil càil a chleith sibh 'nar cridheachan nach 'eil fosgailte dhuinne agus cho soilleir ris an là; tha gu bheil e foluichte ri linn ar gràis agus fàbhair is chan ann ri linn bhur toiliteanais. |
A Chairde! Go deimhin, a deirimse, cibé ní atá ceilte agaibh i bhur gcroí istigh, tá sé sin ar oscailt dúinne agus chomh soiléir leis an lá; ach is trín ár ngrásta agus ár bhfabhar go bhfuil sé folaithe agus ní de bhrí go raibh a leithéid tuillte agaibh. | |
| ||
|
CEANN AN DUILLEAG |